Maidir le Fianna Fáil
Stair Fhianna Fáil
Fir agus mná físeacha, idéalaíocha agus tiomanta ab iad an dream a bhunaigh Fianna Fáil in amharclann La Scala, Baile Átha Cliath sa bhliain 1926, faoi stiúir Éamon de Valera. Tharla gluaiseacht náisiúnta fíorthábhachtach ina dhiaidh sin a raibh Éire aontaithe, dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch agus comhionannas deiseanna mar idéil aici. Chuaigh Fianna Fáil isteach sa rialtas den chéad uair sa bhliain 1931, agus sa bhliain 1937, dhaingnigh muintir na hÉireann Bunreacht na hÉireann.
Chuir Fianna Fáil, faoi cheannaireacht Sheáin Lemass, an Chéad Chlár um Fhorleathnú Eacnamaíoch i bhfeidhm, a d’oscail an geilleagar, a spreag infheistíocht dhíreach eachtrach agus a chuir an tír seo i dtreo na forbartha eacnamaíche.
Bhí oideachas agus leas mhuintir na hÉireann ina gcroíluachanna ag Fianna Fáil i gcónaí, agus is léiriú air sin é gur tugadh isteach oideachas meánscoile saor in aisce in Éirinn faoi stiúir Donogh O’Malley, an tAire Oideachas, sa bhliain 1969 agus gur tugadh isteach an Scéim Saorthaistil do shaoránaigh níos sine na tíre faoi stiúir Charles Haughey, an tAire Airgeadais, sa bhliain 1967. Tá an Scéim sin i bhfeidhm fós sa lá atá inniu ann agus téann sé chun leasa na mílte saoránach.
Sa bhliain 1973, faoi cheannaireacht Jack Lynch, ghlac Éire ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), a chuir geilleagar na tíre níos faide chun cinn agus a bhunaigh nasc láidir buan lenár gcomharsana san Eoraip. Sa bhliain 1987, le Charles Haughey ar thús cadhnaíochta, bunaíodh an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta (IFSC) lena leagadh an bunchloch a réiteodh an bealach d’fhás agus d’fhorbairt eacnamaíoch sa todhchaí.
Sa bhliain 1993, rinne Albert Reynolds an Dearbhú Comhpháirteach i leith na Síochána (Dearbhú Shráid Downing) a shocrú trí idirbheartaíocht agus a shíniú thar ceann rialtas na hÉireann. Leis seo, bunaíodh bealach chun na síochána ar an oileán seo. Sa bhliain 1998, de bharr thiomantas agus dhíograis Bertie Ahern, i measc daoine eile, thángthas ar chomhaontú síochána, Comhaontú Aoine an Chéasta. Lean Brian Cowen, ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus ina Thaoiseach, dúthracht agus tiomantas an pháirtí i leith na síochána ar oileán na hÉireann.
Is croíluachanna Fhianna Fáil i gcónaí iad oideachas agus leas mhuintir na hÉireann. Le linn a ghairme, sheas an Taoiseach Micheál Martin leis na croíluachanna sin. Más ag tacú leosan a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nó ag cosaint shláinte agus fholláine mhuintir na tíre, ní bhíonn easpa air. Is é aidhm Fhianna Fáil sa Rialtas i gcónaí Éire níos cothroime a chur ar fáil do chách.
Ár Luachanna
Fianna Fáil is a National Movement. Its aims are:
- Aontacht na hÉireann agus mhuintir na hÉireann a bhaint amach trí shíocháin agus comhaontú.
- Saol náisiúnta ar leith a fhorbairt de réir thraidisiúin agus idéil éagsúla mhuintir na hÉireann mar chuid de chultúr Eorpach níos leithne, agus chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais agus a chur chun cinn mar theanga bheo na ndaoine.
- Saoirse reiligiúin agus sibhialta, cearta comhionanna, cóir chomhionann agus comhdheiseanna a chinntiú do mhuintir uile na hÉireann.
- Acmhainní agus rachmas na hÉireann a fhorbairt a oiread agus is féidir, fad a bheidh siad ag géilleadh do riachtanais agus leas mhuintir uile na hÉireann, ionas go gcuirfear an méid fostaíochta inmharthana ar fáil agus is féidir, a bheidh bunaithe ar spiorad fiontraíochta agus féintuilleamaí agus ar chomhpháirtíocht shóisialta.
- Timpeallacht nádúrtha agus oidhreacht na hÉireann a chosaint agus cothromaíocht idir bailte agus ceantair thuaithe agus idir réigiúin a chinntiú, agus an méid teaghlach agus is indéanta a choinneáil ar an talamh.
- An teaghlach, agus dualgas sóisialta níos leithne, a chur chun cinn, agus seasamh le riail an dlí ar mhaithe le leas agus sábháilteacht an phobail.
- Stádas na hÉireann mar Stát ceannasach a choinneáil, ina ball iomlán den Aontas Eorpach agus de na Náisiúin Aontaithe, ag cur le síocháin, dí-armáil agus forbairt ar bhonn thraidisiún beartais eachtraigh neamhspleách na hÉireann.
- Dlíthe agus institiúidí an Stáit a athchóiriú, le go mbeidh siad éifeachtach, daonnachtúil, comhbhách agus freagrúil i leith riachtanais an saoránaigh.