Leanann Parlaimint na hEorpa uirthi ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád agus táim bréan de – Ní Mhurchú
Published on: 23 May 2024
Geallann Cynthia Ní Mhurchú tús áite a thabhairt don Ghaeilge má thoghtar do Pharlaimint na hEorpa í agus ceistíonn sí cén fáth gur ligeamar do na na hInstitiúidí Eorpacha ár dteanga náisiúnta a chur i leataobh?
Gheall Cynthia Ní Mhurchú, iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa ó thoghcheantar na hÉireann Theas, go nglacfaidh sí gach deis chun an Ghaeilge a chosaint agus í a chur in ord tosaíochta sa Bhruiséil agus sa Lucsamburg sa má éiríonn léi suíochán a bhaint amach I bParlaimint na hEorpa ar an 7ú Meitheamh, agus d'éalaigh sí, go gcuirfí deireadh láithreach le riail a fhágann ár dteanga náisiúnta ar leataobh in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.
Labhair Ní Mhurchú ag seoladh 'Gaeilge le Grá' i nDurlas, Co. Thiobraid Árann, tionscnamh le Gráinne Ní Mhórdha, a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun tosú ag labhairt na Gaeilge ina saol laethúil thar thréimhse 21 lá, san áit oibre agus sa chumann spóirt.
“Má éiríonn liom a bheith tofa, geallaim go dtabharfar tús áite do vóta nua i bParlaimint na hEorpa maidir le soláthar ateangaireachta Gaeilge sa Pharlaimint, chun deireadh a chur leis an maolú ar sholáthar na seirbhíse seo go 2029, agus chun a chinntiú go gcuirfear deireadh le constaicí d'ateangairí a fhostú le Gaeilge. Is mór an náire é an maolú seo. Céim siar arís í don Ghaeilge agus ní chuirfidh mé suas le díghrádú na teanga a thuilleadh!
Is cainteoir líofa Gaeilge mé agus tá imní orm faoi thitim stádas na Gaeilge sa bhaile agus sa Bhruiséil.
Má táimid ag iarraidh a bheith dáiríre faoi iarrachtaí chun ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dteanga ársa, álainn náisiúnta, a chaomhnú - ní mór dúinn tosú sa Bhruiséil, agus deireadh a chur le Gaeilge a bheith caite mar theanga dara grád.”
Dar le Ní Mhurchú,
“Tá 1.9 milliún cainteoir Gaeilge sa tír seo – sin beagnach 40% den daonra.
Tá an Ghaeilge anois ina teanga oifigiúil ag leibhéal an AE ach ní aistríonn na hinstitiúidí doiciméidí oifigiúla go Gaeilge go rialta de bharr easpa aistritheoirí agus ateangairí.
Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí leanúnacha chun cinntiú go n-úsáidfear an teanga i measc na nglún atá le teacht inár ndiaidh.
Beidh aiféala orainn muna ndéanfaimid gach beart chun ár dteanga náisiúnta a chaomhnú agus a chosaint."
Dúirt Ní Mhurchú go mbeidh sí ag labhairt i nGaeilge ar urlár pharlaimint an Aontais Eorpaigh go rialta, má thoghtar í, agus d’iarr sí ar na feisirí Eorpacha eile ó Éirinn a thoghfar an mhí seo chugainn, feidhmiú le chéile agus tacú le feachtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint san Eoraip.
Dar le Ní Mhurchú,
“Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid tús áite don Ghaeilge agus go ndéanaimid infheistíocht i bhforbairt na Gaeilge ar fud chláir an Aontais Eorpaigh.
Tá sé ríthábhachtach freisin go gcuirfimid tacaíocht airgeadais ar fáil d’eagraíochtaí sochaí sibhialta na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Ba theanga chonartha í an Ghaeilge nuair a tháinig Éire ina Ballstát i 1973, rud a chiallaigh nár aistríodh ach conarthaí an Aontais Eorpaigh go Gaeilge. Rinne Rialtas na hÉireann iarratas sa bhliain 2005 ar an nGaeilge a bheith ina teanga oifigiúil agus oibre, agus bronnadh an stádas sin ar 1 Eanáir 2007. Mar gheall ar an nganntanas foirne aistriúcháin agus acmhainní teicneolaíochta Gaeilge ag an am, maolaíodh scóip an stádais agus bhí teorainn le líon na gcáipéisí a bhí le haistriú go Gaeilge. Ach ar an 31 Nollaig 2021, bronnadh stádas iomlán oifigiúil agus oibre san Eoraip don Ghaeilge.
Dar le Ní Mhurchú, tá sé thar a bheith tábhachtach do rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga iomlán oibre in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tiománta, ar deireadh a chur leis an maolú atá ann anois, go dtí 2029 ar a luaithe, a chiallíonn nach mbeidh dualgas an an bParlaimint seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireacht a chur ar fáil i nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh.
CRÍOCH